Cén fáth a nglacfainn ballraíocht?
Má chláraíonn tú mar bhall de Chlub Chonradh na Gaeilge, beidh neart pribhléidí agat:
- Carta Ballraíochta le lascaine 5% - 10% ar dheochanna
- Deoch amháin saor in aisce ar do Lá Breithe
- Lascaine 10% ar ranganna Gaeilge de chuid Chonradh na Gaeilge
- Iontráil saor in aisce ar imeachtaí áirithe i gClub Chonradh na Gaeilge
- Cead imeachtaí a reáchtáil sa Chlub
- Beidh 'Crannchur na mBall' ar siúl uair sa ráithe do bhaill den Chlub amháin, ina mbronnfar duais faoi leith ar bhall a dtarraingeofar ainm as hata.
- Ceangal le grúpa atá ar an bhfód le beagnach 50 bliain anuas agus atá lárnach i gcur chun cinn na teanga i mBaile Átha Cliath
- Incháilitheacht le seasamh do Choiste Eagrúcháin Chlub Chonradh na Gaeilge ag an gCruinniú Cinn Bhliana
Ní gá duit ach an fhoirm thall (ar fáil mar PDF) a chomhlánú agus an táille bhallraíochta a íoc!
Iarratas ar Bhallraíocht 2017
Ioslódáil an fhoirm seo chun iarratas a dhéanamhGlac Ballraíocht ar Líne
le do chárta dochair/creidmheasa nó cuntas PayPal




Logáil Isteach